Sciamhleabhar é seo ó thaobh cló agus dearadh. Ina theannta sin tá an fhilíocht ann aibí, doimhin, ilghnéitheach. Tá an tsíodúlacht ann atá in ‘Dealg Droighin’ agus in ‘Féar Suaithinseach’ agus an diamhaire atá in ‘Feis’. Is iomaí eilimint a shníonn ina chéile ina bhréidín greanta san fhilíocht seo—teanga agus dúchas Bhaile Móir agus Chathair an Treantaigh, béaloideas agus litríocht Éireann, a taithí agus a míthuiscintí saoil, a héirim aigne. Is maith mar a ritheann an meafar soilseach chuici agus cló na healaíne á bhualadh aici go neafaiseach ar an iomlán. Tá saol an fhochoinsiasa á fhionnachtain níos doimhne ná roimhe seo anseo ag Nuala mar a chuirtear in iúl go háirithe sa roinn ‘Na Murúcha a Thriomaigh’. ‘É seo go háirithe a chinntíonn go bhfuil an leabhar seo le háireamh ar scothleabhair na héigse i gclabhsúr na mílaoise’ seo caite agus go bhfuil éileamh fós air sa mhílaois seo againn.